text
stringlengths 1
1.97k
|
---|
féadfar cibé bearta sealadacha lena náirítear bearta cosantacha a bheidh ar fáil faoi dhlí stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo a iarraidh ar chúirteanna an stáit sin fiú más rud é faoin gcoinbhinsiún seo go bhfuil dlínse ag cúirteanna stáit eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo maidir le substaint an ábhair
|
teideal iii
|
aithint agus forghníomhú
|
chun críocha an choinbhinsiúin seo ciallaíonn breithiúnas aon bhreithiúnas arna thabhairt ag cúirt nó binse de chuid stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas lena náirítear foraithne ordú breith nó eascaire fhorghníomhaithe mar aon le cinneadh ar chostais nó ar chaiteachais ag oifigeach den chúirt
|
aithint
|
airteagal 33
|
gheobhaidh breithiúnas a tugadh i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo aithint sna stáit chonarthacha eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo gan aon nós imeachta speisialta a bheith riachtanach chuige sin
|
aon pháirtí leasmhar a thabharfaidh aithint bhreithiúnais faoi thrácht mar phríomhshaincheist i gconspóid féadfaidh sé de réir an nós imeachta dá bhforáiltear i ranna 2 agus 3 den teideal seo iarratas a dhéanamh ar bhreith go ndlitear an breithiúnas a aithint
|
má bhíonn toradh imeachtaí i gcúirt de chuid stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ag brath ar cheist theagmhasach aithinte a chinneadh beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin
|
airteagal 34
|
ní aithneofar breithiúnas
|
más léir go bhfuil an aithint sin contrártha leis an ord poiblí sa stát ina niarrtar an aithint
|
más d'éagmais láithris a tugadh an breithiúnas mura ndearnadh doiciméad tionscanta na nimeachtaí nó doiciméad comhionann a sheirbheáil ar an gcosantóir in am trátha agus ar an dóigh sin d'fhonn a chumasú dó chun socrú a dhéanamh é féin a chosaint murar mhainnigh an cosantóir imeachtaí a thionscnamh chun agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais tráth arbh fhéidir dó déanamh amhlaidh
|
má bhíonn sé bunoscionn le breithiúnas a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna sa stát ina niarrtar an aithint
|
má bhíonn sé bunoscionn le breithiúnas a tugadh roimhe sin i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo nó i dtríú stát agus é ag baint leis an gcúis chéanna caingne agus idir na páirtithe céanna ar choinníoll go gcomhlíonann an breithiúnas a tugadh roimhe sin na coinníollacha is gá chun é a aithint sa stát chun a ndéantar an tiarratas
|
airteagal 35
|
ina theannta sin ní aithneofar breithiúnas má bhíonn sé contrártha le roinn 3 4 nó 6 de theideal ii ná i gcás dá bhforáiltear in airteagal 68
|
féadfar diúltú aitheantas a thabhairt do bhreithiúnas thairis sin in aon chás dá bhforáiltear in airteagal 64(3) nó 67(4)
|
nuair a bheidh na forais dlínse dá dtagraítear sa mhír roimhe seo faoi bhreithniú aige nó aici beidh an túdarás nó an chúirt chun a ndearnadh an tiarratas faoi cheangal ag na cinntí fíorais a ndearna cúirt an stáit tionscnaimh a dlínse a bhunú orthu
|
faoi réir fhorálacha mhír 1 ní féidir dlínse chúirt an stáit tionscnaimh a athbhreithniú
|
ní bheidh a fhoráil i dtaobh oird phoiblí dá dtagraítear in airteagal 34(1) inchurtha chun feidhme ar na rialacha maidir le dlínse
|
airteagal 36
|
ní féidir i gcás ar bith breithiúnas coigríche a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte
|
airteagal 37
|
féadfaidh cúirt i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ar a niarrfar aithint bhreithiúnais a tugadh i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo bac a chur ar na himeachtaí má taisceadh gnáthachomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin
|
féadfaidh cúirt i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ina niarrfar aithint do bhreithiúnas a tugadh in éirinn nó sa ríocht aontaithe bac a chur ar na himeachtaí má bhíonn forghníomhú curtha ar fionraí mar gheall ar achomharc sa stát tionscnaimh
|
forghníomhú
|
déanfar breithiúnas a tugadh i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo agus is infhorghníomhaithe sa stát sin a fhorghníomhú i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo nuair a bheidh sé dearbhaithe ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar go bhfuil sé infhorghníomhaithe sa stát eile sin
|
sa ríocht aontaithe áfach déanfar breithiúnas den sórt sin a fhorghníomhú i sasana agus sa bhreatain bheag in albain nó i dtuaisceart éireann nuair a bheidh sé cláraithe ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar lena fhorghníomhú sa chuid sin den ríocht aontaithe
|
airteagal 39
|
cuirfear an tiarratas faoi bhráid na cúirte nó an údaráis inniúil atá luaite sa liosta in iarscríbhinn ii
|
cinnfear dlínse áitiúil de réir na háite a bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí a niarrtar forghníomhú ina choinne nó de réir na háite forghníomhaithe
|
airteagal 40
|
is de réir dhlí an stáit a niarrtar forghníomhú ann a rialófar an nós imeachta maidir leis an iarratas a thaisceadh
|
ní foláir don iarratasóir seoladh a thabhairt le haghaidh seirbheála próise i limistéar dlínse na cúirte chun a ndéantar an tarratas
|
ach más rud é nach bhforálann dlí an stáit a niarrtar forghníomhú ann seoladh mar sin a bheith le tabhairt ceapfaidh an tiarratasóir ionadaí ad litem
|
ní foláir na doiciméid a luaitear in airteagal 53 a bheith i gceangal leis an iarratas
|
airteagal 41
|
dearbhófar an breithiúnas a bheith infhorghníomhaithe díreach ar na foirmiúlachtaí in airteagal 53 a bheith curtha i gcrích gan aon athbhreithniú faoi airteagail 34 agus 35
|
ní bheidh an páirtí a niarrtar forghníomhú ina choinne i dteideal aon aighneachtaí a dhéanamh ag an gcéim seo de na himeachtaí maidir leis an iarratas
|
airteagal 42
|
déanfar an bhreith a tugadh ar an iarratas ar dhearbhú infhorghníomhaitheachta a chur in iúl don iarratasóir láithreach de réir an nós imeachta atá leagtha síos de réir dhlí an stáit ina niarrtar an forghníomhú
|
déanfar an dearbhú infhorghníomhaitheachta agus an breithiúnas ag gabháil leis a sheirbheáil ar an bpáirtí a niarrtar forghníomhú ina choinne mura mbeidh sé seirbheáilte ar an bpáirtí sin cheana féin
|
airteagal 43
|
féadfaidh ceachtar den dá pháirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh maidir leis an iarratas ar dhearbhú infhorghníomhaitheachta
|
déanfar an tachomharc a thaisceadh sa chúirt a luaitear sa liosta in iarscríbhinn iii
|
déileálfar leis an achomharc de réir rialacha lena rialaítear nós imeachta in ábhair chodarsnacha
|
má mhainníonn an páirtí ar a niarrtar forghníomhú láithriú os comhair na cúirte achomhairc in imeachtaí a bhaineann le hachomharc arna thionscnamh ag an iarratasóir beidh feidhm ag airteagal 26(2) go (4) fiú i gcás nach bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí ar a niarrtar an forghníomhú in aon cheann de na stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo
|
déanfar achomharc i gcoinne an dearbhaithe infhorghníomhaitheachta a thaisceadh laistigh de mhí dá sheirbheáil
|
má tá sainchónaí ar an bpáirtí ar a niarrtar forghníomhú i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo seachas an stát inar tugadh an dearbhú infhorghníomhaitheachta dhá mhí a bheidh sa tréimhse le haghaidh achomhairc agus leanfaidh sí ó dháta na seirbheála air féin go pearsanta nó ag an ionad cónaithe
|
ní féidir cur leis an tréimhse mar gheall ar fhad slí ó bhaile
|
airteagal 44
|
ní féidir an breithiúnas a tugadh ar an achomharc a chonspóid ach amháin leis an achomharc dá dtagraítear in iarscríbhinn iv
|
airteagal 45
|
an chúirt lena dtaisctear achomharc faoi airteagal 43 nó faoi airteagal 44 ní dhiúltóidh sí do dhearbhú infhorghníomhaitheachta ná ní chúlghairfidh sí é ach amháin ar cheann de na forais a shonraítear in airteagail 34 agus 35
|
tabharfaidh sí a breith gan mhoill
|
ní féidir i gcás ar bith an breithiúnas coigríche a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte
|
airteagal 46
|
féadfaidh an chúirt lena dtaisctear achomharc faoi airteagal 43 nó faoi airteagal 44 ar iarratas ón bpáirtí ar a niarrtar an forghníomhú bac a chur leis na himeachtaí i gcás gnáthachomharc i gcoinne an bhreithiúnais a bheith taiscthe sa stát tionscnaimh nó mura bhfuil an tréimhse le haghaidh achomhairc den sórt sin dulta in éag fós
|
sa chás deiridh sin féadfaidh an chúirt a shonrú cad é an tréimhse le haghaidh achomharc den sórt sin a thaisceadh
|
más in éirinn nó sa ríocht aontaithe a tugadh an breithiúnas measfar aon chineál achomhairc is indéanta sa stát tionscnaimh a bheith ina ghnáthachomharc chun críocha mhír 1
|
féadfaidh an chúirt freisin é a chur de choinníoll leis an bhforghníomhú go dtabharfar don chúirt cibé urrús a chinnfidh sí
|
airteagal 47
|
nuair nach mór breithiúnas a aithint de réir an choinbhinsiúin seo ní choiscfidh aon ní ar an iarratasóir é do bhaint leasa as bearta sealadacha lena náirítear bearta cosanta de réir dhlí an stáit iarrtha gan gá a bheith le dearbhú infhorghníomhaitheachta faoi airteagal 41
|
gabhfaidh cumhacht chun aon bhearta cosanta a ghlacadh leis an dearbhú infhorghníomhaitheachta
|
le linn na tréimhse a shonraítear le haghaidh achomhairc de bhun airteagal 43(5) in aghaidh an dearbhaithe infhorghníomhaitheachta agus go dtí go mbeidh breith tugtha ar aon achomharc den sórt sin ní féidir aon bhearta a ghlacadh maidir leis an bhforghníomhú ach amháin bearta cosanta in aghaidh mhaoin an pháirtí a niarrtar forghníomhú ina choinne
|
airteagal 48
|
má bhíonn breithiúnas coigríche tugtha i leith ábhar éagsúil agus nach féidir an dearbhú infhorghníomhaitheachta a thabhairt ina dtaobh go léir déanfaidh an chúirt nó an túdarás inniúil é a thabhairt i gcás ábhair amháin nó níos mó díobh
|
féadfaidh iarratasóir dearbhú infhorghníomhaitheachta atá teoranta do chodanna de bhreithiúnas a iarraidh
|
airteagal 49
|
ní fhéadfar breithiúnas coigríche a d'ordaigh íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorghníomhú sa stát a niarrtar forghníomhú ann mura mbeidh méid na híocaíochta arna chinneadh go críochnaitheach ag cúirteanna an stáit tionscnaimh
|
airteagal 50
|
iarratasóir ar tugadh dó go hiomlán nó go páirteach sa stát tionscnaimh cúnamh dlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó chaiteachais beidh teideal aige sa nós imeachta dá bhforáiltear sa roinn seo chun tairbhiú den chúnamh dlíthiúil is fabhraí nó den díolúine is fairsinge ó chostais nó ó chaiteachais dá bhforáiltear le dlí an stáit chun a ndéantar an tiarratas
|
ach féadfaidh iarratasóir a iarrfaidh forghníomhú ar bhreith a thug údarás riaracháin sa danmhairg san íoslainn nó san iorua i leith cothabhála éileamh a dhéanamh sa stát chun a ndéantar an tiarratas ar na tairbhí dá dtagraítear sa chéad mhír má thugann sé ar aird ráiteas ó aireacht dlí agus cirt na danmhairge na híoslainne nó na hiorua á rá go gcomhlíonann sé na ceanglais eacnamaíocha is gá chun bheith cáilithe le haghaidh cúnaimh dhlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó chaiteachais go hiomlán nó go páirteach
|
airteagal 51
|
ní féidir urrús banna ná taisce de chineál ar bith a éileamh ar pháirtí a iarrfaidh forghníomhú i stát amháin atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ar bhreithiúnas a tugadh i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ar an bhforas gur náisiúnach eachtrach é ná ar an bhforas nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí air sa stát a niarrtar an forghníomhú ann
|
airteagal 52
|
in imeachtaí chun dearbhú infhorghníomhaitheachta a eisiúint ní fhéadfar muirear dleacht ná cáin ar bith arna ríomh de réir luach an ábhair i saincheist a thobhach sa stát a niarrtar an forghníomhú ann
|
forálacha comhchoiteanna
|
airteagal 53
|
déanfaidh páirtí a iarrfaidh aithint nó dearbhú infhoríomhaitheachta cóip den bhreithiúnas a thabhairt ar aird a shásóidh na coinníollacha is gá chun a barántúlacht a shuíomh
|
déanfaidh páirtí a iarrfaidh dearbhú infhorghníomhaitheachta thairis sin an deimhniú dá dtagraítear in airteagal 54 a thabhairt ar aird gan dochar d'airteagal 55
|
airteagal 54
|
déanfaidh cúirt nó údarás inniúil stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo i gcás inar tugadh breithiúnas ar iarraidh ó aon pháirtí leasmhar deimhniú a eisiúint agus úsáid á baint as an bhfoirm chaighdeánach in iarscríbhinn v a ghabhann leis an gcoinbhinsiún seo
|
airteagal 55
|
mura dtugtar ar aird an deimhniú dá dtagraítear in airteagal 54 féadfaidh an chúirt nó an túdarás inniúil tréimhse a shonrú chun é a thabhairt ar aird nó glacadh le doiciméad comhionann nó déanamh dá éagmais má mheasann sí nó sé go bhfuil a sáith nó a sháith faisnéise os a comhair nó os a chomhair
|
déanfar aistriúchán ar na doiciméid a thabhairt ar aird má éilíonn an chúirt nó an túdarás inniúil é
|
ní foláir an taistriúchán a bheith deimhnithe ag duine atá cáilithe chuige sin i gceann de na stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo
|
airteagal 56
|
ní gá aon dlíthiúilíocht ná aon fhoirmiúlacht dá samhail i leith na ndoiciméad a luaitear in airteagal 53 nó in airteagal 55(2) ná i leith doiciméid ag ceapadh ionadaí ad litem
|
teideal iv
|
ionstraimí barántúla agus socraíochtaí cúirte
|
airteagal 57
|
doiciméad a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraim bharántúil agus is infhorghníomhaithe i stát amháin atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo déanfar arna iarraidh sin de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in airteagal 38 et seq a dhearbhú i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo go bhfuil sé infhorgníomhaithe ann
|
an chúirt lena dtaisctear achomharc faoi airteagal 43 nó 44 ní dhiúltóidh sí do dhearbhú infhorghníomhaitheachta ná ní chúlghairfidh sí é ach amháin i gcás forghníomhú na hionstraime a bheith contrártha go follasach leis an ord poiblí sa stát chun a ndéantar an tiarratas
|
measfar freisin gur ionstraimí barántúla de réir bhrí mhír 1 socruithe maidir le hoibleagáidí cothabhála arna dtabhairt i gcrích le húdaráis riaracháin nó arna bhfíordheimhniú acu
|
ní foláir an ionstraim a thabharfar ar aird a bheith de réir na gcoinníollacha is gá chun a barántúlacht sa stáit tionscnaimh a shuíomh
|
beidh feidhm ag roinn 3 de theideal iii de réir mar is cuí
|
déanfaidh údarás inniúil stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo i gcás ina ndearnadh ionstraim bharántúil a tharraingt suas nó a chlárú ar iarraidh ó aon pháirtí leasmhar deimhniú a eisiúint agus úsáid á baint as an bhfoirm chaighdeánach in iarscríbhinn vi a ghabhann leis an gcoinbhinsiún seo
|
airteagal 58
|
Subsets and Splits
No community queries yet
The top public SQL queries from the community will appear here once available.